Descargar Imprimir esta página

Úsáid Cheart; Sábháilteacht Táirge Agus Picteagraim - Lukas E2 Manual De Instrucciones

Ocultar thumbs Ver también para E2:

Publicidad

Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 46
1. ÚSÁID CHEART
Gléas tarrthála leictri-hiodrálach atá sa táirge seo� Dearadh an trealamh chun
daoine nó sócmhainní ábhartha a tharrtháil i ndiaidh timpiste tráchta nó tubaiste
nádúrtha nó misean tarrthála eile� Ná húsáidtear an gléas tarrthála in oibriúcháin
ardaithe
Is oiriúintí bunaidh LUKAS, amháin, is ceart a úsáid in éineacht leis�
Níl an monaróir faoi dhliteanas i leith damáiste ag éirí as mí-úsáid� Is é an
t-úsáideoir, agus an t-úsáideoir amháin, atá freagrach as aon úsáid den sórt sin�
2. SÁBHÁILTEACHT TÁIRGE AGUS PICTEAGRAIM
Is é sábháilteacht an oibreora an rud is tábhachtaí agus an táirge á dhearadh�
Ina theannta sin, tá na treoracha oibriúcháin ann chun cabhrú leat táirgí LUKAS a
úsáid go sábháilte�
Chomh maith leis na treoracha oibriucháin sa lámhleabhar seo, ní mór cloí leis
na rialacháin dlíthiúla ghinearálta agus le rialacháin cheangailteacha eile atá i
bhfeidhm chun tionóiscí a chosc agus an timpeallacht a chosaint�
Daoine a fuair oiliúint chuí ar ghnéithe sábháilteachta an trealaimh, amháin, a
fhéadfaidh an trealamh a oibriú; tá baol gortaithe ann má dhéantar a mhalairt�
Ba cheart do gach úsáideoir an lámhleabhar oibriúcháin a léamh go cúramach sula
mbaintear úsáid as an trealamh� Ní mór gach treoir ann a leanúint go mion sula
ndéantar an trealamh a úsáid�
Molaimid freisin go dtaispeánfaidh oiliúnóir cáilithe duit conas an táirge a úsáid�
Léigh an treoirleabhar úsáide don cheallra ian litiam! Tabhair
cuairt ar www�akku-power�com chun cóip den treoirleabhar a fháil�
Ní mór aird a thabhairt ar na treoracha úsáide i gcás oiriúintí
freisin!
Maidir leis na hoiriúintí a bheidh in úsáid agat, cinntigh gur
dearadh iad chun a bheith in ann uasbhrú oibriúcháin an
trealaimh tarrthála a sheasamh�
Ná bí ag obair agus tú tuirseach nó ar meisce!
Ná húsáid an trealamh seo riamh ach de réir mar a deirtear sa
chaibidil "Úsáid cheart"�
Bí cinnte nach bhfuil aon bhall coirp ná do chuid éadaí i bhfostú
idir na páirteanna gluaisteacha�
Beir greim ar hanla an trealaimh nó ar an bhfeireadh� Ná bain do
shlata loine na sorcóirí tarrthála!
Ní cheadaítear a bheith ag obair faoi lóid chrochta más
gléasanna hiodrálacha nó leictri-hiodrálacha an t-aon taca atá
fúthu� Más obair riachtanach é, ní mór leas a bhaint as tacaí
meicniúla oiriúnacha freisin�
de
en
fr
es
pt
it
nl
da
sv
fi
el
pl
cs
sk
hu
ro
bg
sl
hr
et
lv
lt
ga
mt
zh
ko
ja
ar
313

Publicidad

loading