Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 32

Gaeilge

Rabhadh sábháilteachta
LÉIGH AN FHAISNÉIS AGUS NA TREORACHA MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT GO LÉIR
ROIMH ÚSÁID A BHAINT AS AN TÁIRGE SEO. D'fhéadfadh TURRAING LEICTREACH,
PLÉASCADH, DÓITEÁN, GORTÚ, BÁS NÓ DAMÁISTE DO MHAOIN tarlú mura leantar
iad sin ar bhealach ceart.
Ceaptha chun gnáthbhatairí luaidhe-aigéadacha 12V (WET, MF, SMF, CaCa, AGM agus
GEL) agus batairí litiam comhoiriúnacha (litiam-ian agus LiFePO4) a luchtú amháin.
Féach an fhaisnéis i gcónaí ar mholtaí monaróra an bhataire roimh luchtú. (Níl roinnt
batairí litiam-iain ná LiFePO4 oiriúnach le luchtú).
Maidir le cineálacha litiam oiriúnacha, cinntigh go bhfuil an bataire comhoiriúnach le
Voltas ar lucht 14.5V.
Ná luchtaigh bataire litiam le socruithe luaidhe-aigéadacha nó bataire luaidhe-aigéadach
ar shocrú litiam.
Ná luchtaigh batairí cille tirime nó neamh-in-athluchtaithe.
Is guaiseach oibriú in aice le bataire luaidhe-aigéadach.
D'fhéadfadh gás a astaítear le linn luchtú a bheith pléascach.
Cinntigh go bhfuil aeráil imleor ann mar go bhféadfadh gás a ghintear le linn luchtú
a bheith pléascach má cheadaítear dó carnadh i limistéar dúnta.
Ná caith tobac ná ná lig lasracha ná spréacha in aice leis an luchtaire nó bataire riamh.
Ná cuir bac ar chomhla an bhataire nó ar phoirt an ghaothaire.
Ná luchtaigh bataire atá reoite riamh.
Seachain úsáid lasmuigh agus nochtadh do leachtanna.
Ná húsáid ach gabhálais a sholáthraítear leis an luchtaire nó a mhonaraigh Yuasa don
luchtaire seo.
Díphlugáil ón bpríomhlíonra cumhachta roimh ghlanadh cothabhála.
Cas as an príomhlíonra roimh cheangail a dhéanamh nó a bhriseadh leis an luchtaire .
Ná húsáid le cábla sínteach.
Ná hoibrigh má ligtear é a thitim nó má dhéantar damáiste dó ar bhealach ar bith.
Ná húsáid má dhéantar damáiste do cháblaí ar bith.
Ná díchóimeáil an luchtaire.
Ní le húsáid ag leanaí.
Bain seodra nó earraí miotail pearsanta roimh an luchtaire nó an bataire a láimhseáil.
Treoracha maidir le húsáid
Cuirtear roghanna plocóidí in-idirmhalartaithe ar fáil leis an luchtaire seo le húsáid sa RA
agus san AE.
Leibhéal réamhluchtaithe & leictrilíte a sheiceáil
Seiceáil leibhéal leictrilíte an bhataire (ní riachtanach ar bhatairí séalaithe ná ar cinn saor
ó chothabháil).
Más gá, bain caipíní an ghaothaire agus cuir uisce driogtha leis ionas go mbeidh na leibhéil
leath bealaigh idir na línte líonta uachtair agus íochtair.
Seiceáil an cnaipe aschuir Voltais ar an luchtaire agus cinntigh go bhfuil an Voltas ceart
roghnaithe.
109

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido