Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 16

GAEILGE

Réamhrá
Píosa ceannbhirt is ea clogad táthúcháin, a úsáidtear chun na súile, an aghaidh agus an muineál a chosaint
in aghaidh dónna, solas ultraivialait, spréacha, solas infridhearg agus teas le linn oibríochtaí áirithe táthúcháin
Tá roinnt páirteanna sa chlogad (féach liosta na bpáirteanna spártha) Tá sa scagaire uathoibríoch táthúcháin
scagaire éighníomhach ultraivialait agus scagaire éighníomhach infridhearg, mar aon le scagaire gníomhach a
n-athraíonn a tharchuras solais sa raon infheicthe den speictream de réir dhéine an tsolais sa stua táthúcháin
Bíonn luach tarchurais solais an scagaire uathoibríoch táthúcháin ard (an staid gheal) ar dtús Tar éis an stua
táthúcháin a chur ar siúl, agus laistigh d'aga sonraithe freagartha, athraíonn tarchuras solais an scagaire
chuig luach íseal (an staid dhorcha) Ag brath ar an múnla, is féidir an clogad a úsáid le clogad sábháilteachta
agus/nó córas análaitheora íonaithe aeir faoi chumhacht (PAPR)
Treoracha sábháilteachta
Léigh an lámhleabhar sula n-úsáidfidh tú an clogad Déan cinnte de go bhfuil an críochnaitheoir suite i gceart
Mura féidir fabhtanna a réiteach, caithfear éirí as an gcaiséad frithdhallraithe a úsáid láithreach bonn Má tá
tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le do mhiondíoltóir údaraithe
Réamhchúraimí agus srianta/rioscaí cosanta
Le linn an phróisis táthúcháin scaoiltear teas agus radaíocht, rudaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le gortuithe
súile agus craicinn Tugann an táirge seo cosaint do na súile agus don aghaidh Cosnaítear do shúile i gcónaí
in aghaidh radaíocht ultraivialait agus infridhearg nuair atá an clogad á chaitheamh agat, beag beann ar an
leibhéal cosanta atá roghnaithe Caithfear éadaí cosanta cuí a chaitheamh freisin leis an gcuid eile de do chorp
a chosaint Cáithníní agus substaintí a scaoiltear le linn an phróisis táthúcháin, is féidir leo bheith ina gcúis le
frithghníomhuithe ailléirgeacha craicinn i ndaoine a bhíonn tugtha dá leithéid I gcás daoine a bhfuil craiceann
bog acu, d'fhéadfadh teagmháil idir an craiceann agus an cheannpháirt a bheith ina cúis le frithghníomhuithe
ailléirgeacha Ní ceadmhach an clogad táthúcháin a úsáid ach amháin le haghaidh feidhmeanna táthúcháin
agus meilte agus ní le haghaidh aon fheidhmeanna eile Ní ghlacann an monaróir aon dliteanas má úsáidtear
an clogad ar bhealach nach bhfuil in oiriúint leis na treoracha úsáide Ní cheadaítear greamú gliú nó cosúil leis
an gclogad Tá an clogad oiriúnach do gach gnáthphróiseas táthúcháin, seachas táthúchán gáis agus léasair
Tabhair faoi deara an leibhéal cosanta a mholtar de réir EN169 ar an gcumhdach
Ní thagann an clogad in ionad clogad sábháilteachta Ag brath ar an múnla, is féidir an clogad a úsáid le
clogad sábháilteachta D'fhéadfadh gnéithe deartha an chlogaid cur isteach ar an réimse radhairc (an adharc
forimeallach go háirithe, rud a fhágann go gcaithfear an ceann a chasadh) agus d'fhéadfadh tarchuras solais an
scagaire uathdhorchaithe cur isteach ar aireachtáil dathanna D'fhéadfadh sé nach mbeadh lampaí comhartha
ná táscairí rabhaidh infheicthe mar thoradh air sin Ina theannta sin, tá baol tuairte ann de bharr go bhfuil
an imlíne níos mó (ceann agus an clogad air) Cuireann an clogad isteach ar an éisteacht agus laghdaíonn
an bhraistint teasa, leis
Rabhadh: Maidir le marcáil fhoriomlán aicme sábháilteachta an clogad, is cinntitheach i gcónaí é na
comhpháirteanna is ísle a úsáidtear Le húsáid i dteochtaí foircneacha, tabhair aird ar an lipéadú cuí: FT, BT
nó AT Nuair a bhíonn spéaclaí á gcaitheamh agat, is féidir suaití a aistriú go díreach ón gclogad go dtí an ceann
Mód Codlata
Tá feidhm múchta uathoibríoch ag an gcaiséad frithdhallraithe, a mhéadaíonn saolré an chadhnra Má
bhíonn níos lú ná 1 lucsa de sholas ag teacht isteach sa chaiséad frithdhallraithe ar feadh thart ar 10 nóiméad,
múchtar an caiséad frithdhallraithe go huathoibríoch Leis an gcaiséad a chur ar siúl arís, caithfear na cealla
fótavoltacha a nochtadh do sholas an lae Más rud é nach féidir an caiséad frithdhallraithe a ghníomhachtú a
thuilleadh nó nach n-éiríonn sé dorcha nuair a lastar an stua táthúcháin, ní mór cadhnraí nua a chur isteach ann
Baránta agus dliteanas
Is i dtreoracha na heagraíochta díolacháin náisiúnta de chuid an mhonaróra a fhaightear na coinníollacha
baránta Déan teagmháil le do shain-mhiondíoltóir údaraithe le tuilleadh sonraí a fháil Ní thugtar baránta ach
i dtaca le lochtanna ábhair agus monaraíochta I gcás damáiste a dhéanfar mar thoradh ar úsáid mhíchuí, nó
idirghabháil nó úsáid neamhúdaraithe nach ndéanann an monaróir foráil dóibh, beidh an baránta agus an
liteanas ar neamhní Beidh an dliteanas agus an baránta ar neamhní chomh maith má úsáidtear páirteanna
spártha seachas na cinn a ndáileann an monaróir iad
Saolré ionchais seirbhíse
Níl dáta deiridh ré ag baint leis an gclogad táthúcháin Féadfaidh an táirge a úsáid a fhad agus nach mbeidh aon
damáiste, cibé infheicthe nó dofheicthe, déanta dó agus nach dtarlóidh aon mhífheidhmeanna
Feidhmiú (Treoir Mhearthosaithe lgh. 4-5/Feidhmeanna lgh. 6-7)
Is tábhachtach an rud é ceannbhanda an táirge seo a choigeartú i gceart toisc nach féidir leas a bhaint as
an réimse mór radhairc ach amháin má bhíonn an ceannbhanda coigeartaithe i gceart
1 Ceannbhanda: méid/imlíne an chinn. Coigeartaigh an strapa uachtarach coigeartaithe le
go mbeadh sé in oiriúint do mhéid do chinn Brúigh an cnaipe raicíneach isteach agus cas é go dtí go
n-oiriúnóidh an ceannbheart i gceart, ar chuntar nach gcuireann brú ar do cheann Déan cinnte de go
bhfuil do shúile i lár an réimse radhairc a bheag nó a mhór (lgh 5 uimh 3a)
2 Fad súl. Is féidir leat na cnaipí glasála a scaoileadh leis an bhfad idir an caiséad agus na súile a
choigeartú Suigh an clogad chomh gar agus is féidir do na súile (dá ghaire an caiséad frithdhallraithe
do do shúile is ea is mó a bheidh do réimse radhairc) Coigeartaigh an dá thaobh go cothrom gan é a
chlaonadh Ansin teann na cnaipí glasála arís (lgh 5 uimh 3b)
3 Uillinn an chlogaid (easlár). Is féidir uillinn an chlogaid a choigeartú leis an gcnaipe rothlach
Coigeartaigh an uillinn le nach dtiocfaidh an tsrón i dteagmháil leis an bpoll don tsrón Tástáil go cúramach
nach dtagann an clogad i dteagmháil le do shrón, fiú nuair a chlaonann tú do cheann (úsáid an pillín a
tháinig sa phacáiste le do shrón a chosaint) (lgh 5 uimh 3c)
4 Mód oibriúcháin: uathoibríoch/de láimh. Is féidir leat an lasc shleamhnáin a úsáid leis an
mód coigeartaithe leibhéil cosanta a roghnú Sa mhód uathoibríoch, úsáidtear braiteoirí leis an leibhéal
cosanta a chur in oiriúint do dhéine an stua (caighdeán EN 379:2003) Sa mhód láimhe, is féidir an leibhéal
cosanta a shocrú de láimh ach an cnaipe a chasadh (lgh 7 Uimh III + IV)
5 Leibhéal cosanta. An mód láimhe: Sa "Mhód Láimhe", is féidir leat leibhéil chosanta 8 go
18 a roghnú ach an cnaipe rialaithe leibhéal a chasadh (Bíonn ceartú móid cosanta díchumasaithe sa
mhód láimhe) (lgh 7 Uimh IV)
An mód uathoibríoch: Sa mhód uathoibríoch, déantar an leibhéal cosanta a choigeartú go
huathoibríoch agus comhfhreagraíonn sé do leibhéal cosanta 4 > 13 de réir EN 379 nuair a bhíonn an
cnaipe rothlach socraithe sa suíomh "N" Nuair a chastar an cnaipe, is féidir an leibhéal cosanta arna
shocrú go huathoibríoch a cheartú suas le dhá leibhéal cosanta suas nó síos de réir do shainroghanna
pearsanta (ní féidir an t-íosleibhéal ná an t-uasleibhéal cosanta, 4 agus 13 faoi seach, a shárú beag
beann ar an socrú ceartaithe) (lgh 7 Uimh III)
6 Rialaitheoir ama oscailte/moill. Cuireann an rialaitheoir ama oscailte (Moill) (lgh 6) ar do
chumas an mhoill ama oscailte ó gheal go dorcha a roghnú Is féidir an cnaipe rothlach a úsáid leis an
socrú a choigeartú go leanúnach ó dhorcha go geal, idir 01 - 20 s (lgh 6 Uimh II)
7 Éifeacht bhreacsholais. Leis an éifeacht bhreacsholais, athraítear ón staid dhorcha chuig an
staid gheal go deas réidh, rud a thugann tuilleadh cosanta fós do na súile in aghaidh tuirse agus greannú
a mbíonn an t-iarlaom ó rudaí ina chúis leo ach deis a thabhairt do na súile dul i dtaithí ar an ngile (lgh 6
Uimh II)
RABHADH: I gcás táthú creimneála gasta, ná socraigh an cnaipe rothlach sa raon "Breacsholas" Is
oiriúnaí ar fad an raon "Creimneáil" agus an mhoill oscailte is giorra a roghnú
8 Mód meilte. Is féidir leat an cnaipe "Meil" a bhrú leis an gcaiséad frithdhallraithe a shocrú chuig an
mód meilte Sa mhód sin, díghníomhaítear an caiséad agus fanann i mód geal go ceann 10 nóiméad
Nuair atá an mód meilte i ngníomh, splancálann LED gorm ar thaobh amuigh an chlogaid, rud ar féidir
a scáil a fheiceáil taobh istigh sa lionsa clúdaigh tosaigh Leis an mód meilte a mhúchadh, brúigh an
cnaipe "Meil" arís (lgh 7 uimh V)
9 Íogaireacht. Leis an gcnaipe íogaireachta déantar an íogaireacht solais a choigeartú de réir an
stua táthaithe agus an tsolais chomhthimpeallaigh Is féidir é sin a choigeartú ach an cnaipe rothlach
a chasadh Baintear amach leibhéal an-ard íogaireachta ar sholas sa raon "Rí-ard"; rud a fhágann
go n-éiríonn an scagaire dorcha fiú má bhíonn na stuanna lag (lgh 6 Uimh I)
10 Braiteoirí. Tá 5 bhraiteoir ag an gclogad táthúcháin seo Braitheann 4 bhraiteoir an solas táthúcháin
agus tá 1 bhraiteoir freagrach as an déine solais a bhrath (an mód uathoibríoch) agus as an bhfeidhm
nuálach "Fan dorcha"
Glanadh agus díghalrú
Caithfear an caiséad frithdhallraithe agus an críochnaitheoir a ghlanadh go rialta le héadach bog Ná
húsáid oibreáin ghlantacháin, tuaslagóirí, alcól ná oibreáin glantacháin a bhfuil scrábaigh iontu Ba chóir
lionsaí nua a chur in ionad lionsaí scríobtha nó damáistithe
Stóráil
Ní mór an clogad táthúcháin a stóráil ag teocht an tseomra agus ar íseal taise Le saolré na gcadhnraí a
shíneadh, stóráil an clogad i dtimpeallacht gheal
An lionsa clúdaigh tosaigh a athsholáthar (lgh. 4 Uimh. 4)
Nuair atá an diosca astaithe á athrú agat, tá rabhadh ag teastáil Ná déan an clogad a dhífhoirmiú, mar is
féidir damáiste a dhéanamh don scagaire táthú
1 Is féidir an lionsa clúdaigh tosaigh a bhaint dá fheistiú ach an táb ar an taobh a tharraingt siar
2 Ceangail an críochnaitheoir nua le ceann de na fáisceáin taoibh Tarraing an críochnaitheoir anonn
chuig an dara fáisceán taoibh agus feistigh ina áit é Caithfear é a bhrú isteach go daingean ionas go
gcoigeartóidh an séala ar an gcríochnaitheoir do chruth sceall an chlogaid
Próiseas luchtaithe an chadhnra (lgh. 4 Uimh. 1)
Tá cadhnra ardfheidhmíochta polaiméire litiam (LiPo) sa chlogad Sula n-úsáidfear an cadhnra den chéad
uair, luchtaigh go hiomlán é leis an gcábla micrea-USB a tháinig leis an táirge agus le luchtaire USB atá
ar fáil i siopaí (rud nár tháinig leis na táirge) Tar éis a luchtaithe, ní mór an caipín cosanta a úsáid leis an
soicéad micrea-USB ar an gclogad a chosaint in aghaidh dusta agus salachair Luchtaíonn foinsí
seachtracha solais (solas ar crochadh ón tsíleáil, solas táthúcháin) an cadhnra freisin tríd an gcill
fhótavoltach Má úsáidtear an clogad go minic, is annamh a bheidh ort an cadhnra a luchtú Molaimid duit
an clogad a luchtú go hiomlán uair gach 6 mhí Má bhíonn an cadhnra díluchtaithe go hiomlán, is leor luchtú
15 nóiméad leis an gclogad a úsáid go ceann thart ar 8 n-uair an chloig
Staid an luchtaithe:
1) Ag caochadh i ndath dearg: Tá an cadhnra an-lag ar fad (luchtaigh láithreach bonn é)
2) Oráiste seasta: Tá an cadhnra á luchtú
3) Glas seasta: Tá an cadhnra lánluchtaithe
Má theipeann ar an gclogad éirí dorcha nuair a lastar an stua táthúcháin, déan cinnte de go bhfuil sé
luchtaithe (brúigh an cnaipe meilte: mura dtosaíonn an LED ag caochadh i ndath gorm, tá an cadhnra
díluchtaithe go hiomlán) Mura bhfeidhmíonn an caiséad frithdhallraithe i gceart cé go bhfuil an cadhnra
luchtaithe, déan teagmháil le do mhiondíoltóir údaraithe
Is féidir leis an monaróir nó le hionad seirbhíse ceadaithe cadhnra nua a chur in ionad cadhnra lochtach
Fabhtcheartú
Teipeann ar an gcaiséad frithdhallraithe dorchú
→ Coigeartaigh an íogaireacht (lgh. 6 Uimh. I) → Díghníomhachtaigh an modh meilte (lgh. 7 Uimh. 5)
→ Glan na braiteoirí nó an lionsa clúdaigh tosaigh → Luchtaigh an cadhnra (lgh. 4 Uimh. 1)
→ Múch an mhoill oscailte - athraigh go "creimneáil" i gcomhair táthú creimneála gasta (lgh 6 Uimh II)
Tá an leibhéal cosanta rógheal
→ Sa mhód láimhe roghnaigh leibhéal cosanta níos airde. (lgh. 7 Uimh. IV)
→ Sa mhód uathoibríoch socraigh an cnaipe rothlach go +1 nó +2 (lgh. 7 Uimh. III)
→ Athsholáthraigh an lionsa clúdaigh tosaigh (lgh. 8 Uimh. 4)
Tá an leibhéal cosanta ródhorcha
→ Sa mhód láimhe roghnaigh leibhéal cosanta níos ísle. (lgh. 7 Uimh. IV)
→ Sa mhód uathoibríoch socraigh an cnaipe rothlach go -1 nó -2 (lgh.7 Uimh. III)
Bíonn an caiséad frithdhallraithe ag preabarnach
→ Ceartaigh suíomh an rialaitheora ama oscailte (moill) le haghaidh an phróisis táthúcháin (lgh. 6
Uimh II)
→ Coigeartaigh íogaireacht an rialaitheora le haghaidh an phróisis táthúcháin (lgh. 6 Uimh. I)
→ Luchtaigh an cadhnra (lgh. 4 Uimh. 1)
Drochléargas
→ Glan an lionsa clúdaigh tosaigh nó an caiséad frithdhallraithe
→ Sa mhód láimhe, coigeartaigh an leibhéal cosanta le hé a chur oiriúint don phróiseas táthúcháin
(lgh 7 Uimh IV)
→ Sa mhód uathoibríoch, coigeartaigh an leibhéal cosanta le hé a chur oiriúint don phróiseas táthúcháin
(lgh 7 Uimh III)
→ Méadaigh leibhéal an tsolais thimpeallaigh
Sleamhnaíonn an clogad táthúcháin
→ Coigeartaigh/teann an ceannbhanda arís (lgh. 5 Uimh. 3a- 3c)
Sonraíochtaí (Faoi réir athruithe teicniúla)
Leibhéal cosanta
Cosaint UV/ID
Aga lasctha ó gheal go dorcha
Aga lasctha ó dhorcha go geal
Soláthar leictreachais
Meáchan
Teocht oibriúcháin
Teocht stórála
Aicmiú de réir EN379
Ceaduithe
Marcálacha breise le haghaidh leagan
PAPR (comhlacht dá dtugtar fógra CE1024)
Dearbhú Comhréireachta
Féach an seoladh Idirlín ar an leathanach deireanach
Faisnéis Dlí
Tá an cháipéis seo ag teacht leis na riachtanais a leagtar síos le halt 14 d'Iarscríbhinn II Rialachán
2016/425 ón Aontas Eorpach
An comhlacht ar tugadh fógra dó
Le heolas mionsonraithe a fháil, féach an leathanach deireanach
38
An mód uathoibríoch:
2 (an staid gheal)
4 < 12 (an staid dhorcha)
An mód láimhe:
2 (an staid gheal)
7 - 12 (an staid dhorcha)
Uaschosaint i ndálaí geala agus dorcha
90μs (23°C / 73°F) 70μs (55°C / 131°F)
gasta = 01 - 20 s le "héifeacht bhreacsholais"
Cealla fótavoltacha, cadhnraí polaiméire litiam
Non PAPR: 550 g / 186952 oz
PAPR: 750 g / 2575 oz
-10°C – 55°C / 14°F – 131°F
-20°C – 70°C / -4°F – 158°F
Aicme optúil = 1
Aonchineálacht = 1
Solas scaipthe = 1 Spleáchas ar an uillinn radhairc = 2
CE, EAC, ANSI, AS/NZS, complies with CSA, pr ISO
16321 "WIG+
EN12941 (TH3 i dteannta le e3000/e3000X, TH2 le
haghaidh leaganacha le hardhat agus e3000/e3000X)
EN14594 (Class 3B i dteannta le suppliedair)

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido