4
Táirgeadh uisce ECAIA
Casann an gléas air go huathoibríoch nuair a thosaíonn an t-uisce ag sreabhadh isteach. De
ghnáth, sreabhann uisce ianaithe alcaileach amach ón osán díluchtaithe solúbtha uachtarach (A-2).
Breathnaigh ar an lámhleabhar treoracha iomlán i gcomhair a thuilleadh sonraí tábhachtacha.
Moltar uisce ianaithe (ALCAILEACH 1-5) chun óil agus cócaireachta. Dá airde an leibhéal, is
•
mó atá an t-uisce ianaithe. I gcomhair úsáide fadtréimhseach, de ghnáth moltar uisce le pH 8.5
go 9.5.
Má roghnaítear uisce ianaithe aigéadach (AIGÉAD 1-2), sreabhann uisce aigéadach amach ón
•
osán díluchtaithe solúbtha (A-2). Sreabhann uisce alcaileach amach ón mbuacaire uisce aig-
éadaigh íochtarach (A-3).
Níl ach uisce scagtha (cnaipe ÍONADH) oiriúnach chun leighis a ghlacadh.
•
5
Scagaire agus athrú scagaire
Tá uasmhéid ama úsáide 6 mhí ag na scagairí. Má bhíonn scagaire ar uasmhéid a acmhainneachta
níos luaithe, tagann an uimhir "999" sa taispeáint don scagaire sin. Ciallaíonn sin "athraigh scag-
aire!" Scríobh dáta éaga ar na scagairí i gcónaí sula gcuireann tú iad. In aon slí, is gá na scagairí
a athrú, ar a laghad 6 mhí i ndiaidh suiteála nó chéad teagmháil le huisce. Baineann sé sin freisin
mura raibh uasmhéid acmhainneachta bainte amach!
Cas agus tarraing na scagairí suas chun iad a bhaint. Úsáid píosa éadach glan chun aon uisce for-
sceite a ionsú.
Tábhachtach: Ná claon an gléas chun uisce forsceite a bhaint ón gcoinneálaí scagaire. Is féidir leis
sin damáiste a chur ar chomhpháirtithe leictreonacha an ghléis!
6
Cothabháil agus cúram
Ní mór an gléas a dhíchoirtiú go minic. Ní chlúdaíonn an baránta damáiste de bharr díchoirtithe
míchuí. I gcomhair faisnéise maidir le conas do ghléas a dhíchuirtiú agus faisnéis tábhachtach eile
ar an ábhar seo, breathnaigh ar an lámhleabhar treoracha iomlán.
105