Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 15
ИЗХВЪРЛЯНЕ
Всички части на Power tool holder e.s. tool concept могат
де се изхвърлят в битовата смет. Спазвайте
екологичните разпоредби, приложими във Вашата
страна по отношение на изхвърлянето на отпадъци.
ОТГОВОРНОСТ
Положили сме всички усилия да гарантираме, че
ръководството за експлоатация е правилно, пълно и
възможно най-точно. Не е възможно да се изключат
напълно отклонения, затова не поемаме никаква
отговорност за грешки в предоставеното ръководство
за експлоатация. Не поемаме никаква отговорност за
евентуални щети, причинени от неспазване на
ръководството за експлоатация.
Ако Power tool holder e.s. tool concept се използва не
по предназначение, неправилно или ремонтира без
разрешение, не може да се поема отговорност за
каквито и да било щети.
ÚSÁID BHEARTAITHE
Is ionann an Power tool holder e.s. tool concept, lena
gcuimsítear an Iall Shábháilteachta, an Bonn agus an Nascóir,
agus córas coinneála maighnéid-meicniúil atá oiriúnach do
dhruilirí leictreacha gan sreang caighdeánacha a choinneáil
suas le meáchan 2 kg agus le fad iomlán 25 cm agus an
uirlis san áireamh. Ní mór an Power tool holder e.s. tool
concept a úsáid de réir na dtreoracha sa lámhleabhar
oibriúcháin seo. Meastar gur úsáid neamh-bheartaithe aon
úsáid eile nach ndéantar cur síos uirthi sa lámhleabhar
oibriúcháin seo agus d'fhéadfadh mífheidhmeanna, damáiste,
nó gortú a bheith mar thoradh uirthi.
FÓGRAÍ SÁBHÁILTEACHTA
• L éigh an lámhleabhar oibriúcháin go cúramach sula
ndéantar é a shuiteáil agus roimh an gcéad úsáid, agus
coinnigh é le húsáid amach anseo!
• Ná húsáid ach táirgí bunaidh Power tool holder e.s. tool
concept. Mura ndéantar sin coiscfear an t-oibriú meicniúil,
agus d'fhéadfaí cailleadh an táirge nó damáiste don
táirge bheith ina dtoradh air sin.
• Seiceáil go bhfuil an druilire leictreach gan sreang
ceangailte go daingean roimh aon úsáid.
• Seiceáil go bhfuil an Power tool holder e.s. tool concept
saor ó thruailliú roimh aon úsáid. Mar thoradh ar
mhiotalóireacht go háirithe, d'fhéadfadh deannach nó
sliseanna miotail greamú den táirge, rud a chuirfeadh
isteach ar an bhfeidhmiúlacht.
• RABHADH! Níl an Power tool holder e.s. tool concept
oiriúnach do spóirt ghuaisbheartaíochta.
• RABHADH! Níl an Power tool holder e.s. tool concept
oiriúnach d'úsáid ar ghluaisrothair ná ar ghluaisteáin
eile.
• RABHADH! Ná húsáidtear an Power tool holder e.s. tool
concept d'uirlisí cumhachta eile amhail sábha ciorclacha
nó gairis chosúla.
• Níl an Power tool holder e.s. tool concept deartha chun
do dhruilire leictreach gan sreang a choinneáil ar bhonn
buan.
• Ní féidir an Power tool holder e.s. tool concept a úsáid
ach ag teochtaí idir -5°C agus 45°C.
• Ní féidir an Power tool holder e.s. tool concept a úsáid
ach le druilire leictreach gan sreang nuair atá an cadhnra
níos leithne ná an hanla. Ní cheadaítear cadhnraí de
chineál bata.
• Agus obair á déanamh ar airde, daingnigh do dhruilire
leictreach gan sreang leis an Iall Shábháilteachta.
• AIRE! Nuair a bhogann tú, bí cúramach gan dul i bhfostú
i mbacainní leis an Power tool holder e.s. tool concept
nó le do dhruilire leictreach gan sreang.
• RABHADH! Nuair atá sé ceangailte leis an Power tool
holder e.s. tool concept, daingnigh do dhruilire leictreach
gan sreang i gcoinne athghníomhachtú timpisteach.
– 62 –
• AIRE! Tá maighnéid neoidimiam láidre sa Power tool
holder e.s. tool concept. Mar thoradh ar chóngaracht
dhíreach an Power tool holder e.s. tool concept
maighnéadach do ghairis leictreacha nó d'ionphlanduithe
míochaine amhail séadairí, d'fhéadfadh na gairis sin
mífheidhmiú. Cinntigh nach mbíonn na gairis faoi seach
agus gairis bheachtais-mheicniúla i dteagmháil dhíreach
leis an Power tool holder e.s. tool concept.
AN BONN A SHUITEÁIL[B]
1. Sula suiteálann tú an Bonn[2], éirigh cleachta le láimhsiú
an Power tool holder e.s. tool concept agus cinntigh go
bhfuil bail fhoirfe air.
2. Cinntigh go bhfuil an luamhán scaoilte dírithe suas agus
gur féidir leat é a rochtain go héasca.
FÓGRA! Cinntigh nach gcuirtear aon bhrú ar an luamhán
scaoilte le do chuid éadaí nó le hearraí eile do threalaimh.
3. Treoraigh an crios tríd na sliotáin shonraithe sa Bhonn.
FÓGRA! Ná húsáid ach criosanna de leithead uasta
40 mm agus de thiús 4 mm.
IE
FÓGRA! Ná déan iarracht an crios a bhrú tríd an mBonn!
Is féidir an crios nó an Bonn a dhamáistiú má chuirtear
an crios isteach go rótheann!
4. Bog an Bonn feadh an gcrios de réir mar a theastaíonn
trí lúb a chruthú sa lár idir an dá sliotán.
FÓGRA! Tar éis duit an lúb a theannadh, ní féidir an Bonn
a bhogadh níos mó!
AN NASCÓIR A SHUITEÁIL[C]
1. Sula suiteálann tú an Nascóir[3], éirigh cleachta le
láimhsiú an Power tool holder e.s. tool concept agus
cinntigh go bhfuil bail fhoirfe air.
2. Cuir lipéad an Nascóra timpeall ar hanla do dhruilire
leictrigh gan sreang agus tarraing an bhearna thar cheann
an mhill.
FÓGRA! Ní cheadaítear suíomh eile don lipéad.
FÓGRA! Ná húsáid uirlisí ar bith chun tarraingt ar an
lipéad.
FÓGRA! Ná húsáid ach druilirí leictreacha gan sreang
le himlíne hanla de 12  cm. Ní cheadaítear druilirí
leictreacha gan sreang le himlíne hanla eile.
3. Cinntigh go bhfuil an Nascóir fáiscthe go teann. Tá an
Nascóir ceangailte go ceart nuair atá an bhearna sa
lipéad leagtha ina iomláine timpeall ar an gcón feistithe.
FÓGRA! Mura gcloítear leis sin d'fhéadfadh an druilire
leictreach gan sreang scaoileadh.
FÓGRA! Ní cheadaítear cadhnraí de chineál bata.
AN IALL SHÁBHÁILTEACHTA A SHUITEÁIL[D]
Agus obair á déanamh ar airde, bain úsáid as an Iall
Shábháilteachta chun do dhruilire leictreach gan sreang a
dhaingniú. Dá dtitfeadh d'uirlis as do lámh, coiscfidh an
iall í as titim. Cinntigh nach bhfuil duine ar bith laistigh de
raon 2 m in aice leat nó fút. Sin nó d'fhéadfaí iad a ghortú
leis an uirlis luascach. Níl an Iall oiriúnach ach d'uirlisí de
mheáchan uasta 2 kg. Ná húsáidtear an Iall chun daoine
nó ualaí a dhaingniú. Níl an Iall oiriúnach d'uirlisí ardaithe
nó d'ábhar tógála.
1. Sula suiteálann tú an Iall Shábháilteachta[1], éirigh
cleachta le láimhsiú an Power tool holder e.s. tool concept
agus cinntigh go bhfuil bail fhoirfe ar an Iall
Shábháilteachta.
FÓGRA! Athraigh an Iall Shábháilteachta má shil
tuaslagóirí, péinteanna, bealaí, vearnaisí, plástar nó
stroighin isteach san Iall Shábháilteachta.
2. Cas an Iall Shábháilteachta timpeall ar hanla do dhruilire
leictrigh gan sreang.
FÓGRA! Ní cheadaítear cadhnraí de chineál bata.
FÓGRA! Cinntigh nach gcuireann sreang na hÉille
Sábháilteachta cosc ar theagmháil an Nascóra leis an
mBonn.
3. Cinntigh go bhfuil sé fáiscthe go ceart trí tharraingt go
bog ar an Iall Shábháilteachta.
– 63 –

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido