Kenwood HF Guida Rapida página 25

Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 8
OIBRIÚCHÁN BUNÚSACH
AN CHUMHACHT A LASCADH ANN/AS
1 Lasc an soláthar cumhachta SA nó an PRÍOMHLÍONRA ANN.
2 Brúigh [ ] chun an trasghlacadóir a lascadh ANN.
3 Brúigh [ ] arís chun an trasghlacadóir a lascadh AS.
4 Lasc an soláthar SA nó an PRÍOMHLÍONRA AS.
AN NEARTÚ AF A OIRIÚNÚ
Cas deiseal an rialaitheoir [AF] chun an neartú AF a mhéadú agus tuathal chun é a laghdú.
BANDA A ROGHNÚ
Bruúigh [1.8] chomh fada le [50] nó [GENE] chun an banda atá uait a roghnú.
MODH A ROGHNÚ
Brúigh [LSB/USB] chun an modh LSB nó USB a roghnú. Brúigh arís le scoránú idir na modhanna LSB agus USB.
Brúigh [CW/FSK] chun an modh CW nó FSK a roghnú. Brúigh arís le scoránú idir na modhanna CW agus FSK.
Brúigh [FM/AM] chun an modh FM nó AM a roghnú. Brúigh arís le scoránú idir na modhanna FM agus AM.
MINICÍOCHT A THIÚNADH
Cas an rialaitheoir [Tiúnáil] chun minicíocht oibriúcháin a roghnú.
◆ B'fhéidir gurbh fhearr leat minicíocht a iontráil tríd an eochaircheap uimhriúil má tá an mhinicíocht atá uait an-fhada ón
minicíocht láithreach. Brúigh [ENT], ansin brúigh na heochracha cuí.
AN NEARTÚ RF A OIRIÚNÚ
Cas deiseal an rialaitheoir [RF] chun an neartú RF a mhéadú agus tuathal chun é a laghdú.
Ar dtús, féach cad é luach uachtair an S-mhéadair don chomhartha atá uait. Ansin, cas an rialaitheoir [RF] tuathal nó go
sroicheann an S-mhéadar an luach uachtair a léigh tú.
TARCHUR/GLACADH
Le haghaidh cumarsáide gutha, brúigh agus coinnigh micreafón [PTT] agus labhair isteach sa mhicreafón go nádúrtha.
Nuair atá bheidh réidh leis an labhairt, scaoil saor micreafón [PTT] le gur féidir glacadh.
CUMHACHT AN TARCHUIR A ROGHNÚ
1 Brúigh [PWR].
2 Cas an rialaitheoir [MULTI/CH] tuathal chun an chumhacht a laghdú nó deiseal chun í a mhéadú.
AN CIORCAD MÚCHTA ("SQUELCH") A OIRIÚNÚ
Cas an rialaitheoir [SQL] chun leibhéal an chiorcaid mhúchta ("squelch") a oiriúnú. Deiseal lena theannadh agus tuathal
lena oscailt.
MODH ROGHCHLÁIR
Brúigh [MENU] le hiontráil sa mhodh Roghchláir.
3
< HF_BASIC_OP_AMR >

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido