SPA3-2 installation guide
www.renishaw.com
GA ‐ Sábháilteacht
Nuair a thaispeántar an tsiombail seo ar an táirge, féachtar an treoir suiteála agus úsáideoirí, áit a bhfuil faisnéis agus comhairle
shábháilteachta.
Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil mionsonraithe ag an déantúsóir, d'fhéadfadh an chosaint sa trealamh bheith lagaithe.
RABHADH: Ní mór an PSU bheith aon‐lochtlamhálach, faofa chuig EN60950‐1 agus é nasctha le soláthar ina bhfuil seoltóir
talmhaithe cosanta. Tá an OEM nó an suiteálaí freagrach as soláthairtí talmhaithe agus cosaint lochta iarmharaigh don mheaisín
iomlán.
RABHADH: Tá an OEM nó an suiteálaí freagrach as soláthairtí talmhaithe don mheaisín iomlán.
Sábháilteacht mheaisín
RABHADH: Tá seans ann NACH gcoiscfear gluaiseacht an mheaisín gan choinne tríd an SPA3‐2 a mhúchadh nó a aonrú. Moltar
don úsáideoir an meaisín a aonrú ón soláthar leictreachais, ó aer comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir treoracha ó
dhéantúsóir an mheaisín sula dtéitear isteach sa chrios guaise nó sula ndéantar aon oibriúcháin chothabhála.
RABHADH: Moltar go láidir do dhéantúsóir an CMM nó don té a aisfheistíonn an CMM tástáil thréimhsiúil ar an stop éigeandála,
agus ar an lasc athshocraithe a théann leis, más ann di, a áireamh sna treoracha cothabhála.
Ní mór an SPA3‐2 bheith coimisiúnaithe trí bhogearraí Renishaw. Gan é seo a dhéanamh, d'fhéadfadh gluaiseacht an mheaisín gan choinne a
tharlú.
Issued 08 2020
52