Infratec™ Sofia
•
a bhaineadh úsáíd as tomhaltáin agus
oiriúntaí bunaidh FOSS amháin nó as
coibhéisí a bhí molta ag FOSS
•
nach rinneadh an táirge a laimhseáil in aon
tslí eile atá contrártha le gnáthchleachtadh
•
nár shuiteáladh ar aon ríomhaire táirge ach
amháin bogearraí atá údáraithe ag FOSS
•
a bhíonn aon ríomhaire táirge seachtrach in
oiriúint le moltaí ionadaí FOSS
•
nár imríodh aon chluiche ríomhaire ar an
ríomhaire, lena n-áirítear aon cluiche a bhí
réamhshuiteáilte leis an gcóras oibriúcháin
•
a bhí an ionstraim cothabháilte i gceart de
réir moltaí FOSS
B'fhéidir go bhfuil páirteanna san ionstraim agat
a bhfuiltear ag súil go mbeidh saol ama níos
giorra acu i gcomparáid leis an ionstraim go
ginearálta de bharr chaithimh le linn úsáíd na
hionstraime. Tá na páirteanna seo liostáilte i
Lámhleabhar an Úsáideora agus/nó i mbogearraí
táirge FOSS agus sa Threoir Úsáideora.
Tá dliteanas maidir le páirteanna caite atá faoi réir
caithimh faoi theorainn cásanna ina bhfuil
caitheamh neamhghnách de bharr ábhar lochtach
nó earráidí táirgíochta.
20.5 Cóipcheart Bhogearraí
Leabaithe
Cóipcheart (c) 2001, 2002 Swedish Institute of
Computer Science.
Gach ceart ar cosaint.
Ceadaítear athdháileadh agus úsáid i bhfoirm
fhoinse agus i bhfoirm dhénártha, le nó gan
mionathrú, ar choinníol go gcomhlíontar na
coinníollacha seo a leanas:
1. Ní foláir go gcoinnítear an fógra cóipchirt
thuasluaite, liosta seo na gcoinníollacha agus
an séanadh a leanas, in aon athdháileadh cóid
foinsigh.
2. Ní foláir go ndéanfaidh athdháileadh i
bhfoirm dhénártha an fógra cóipchirt thuas,
liosta seo na gcoinníollacha agus an séanadh
a leanas a atáirgeadh sa dhoiciméadúchán
agus/nó in aon ábhar eile a sholáthraítear leis
an athdháileadh.
3. Ní ceadaítear ainm an údair a úsáid chun
táirgí a fhaightear ó na bogearraí seo a
fhormhuiniú nó a chur chun cinn gan
sainchead scríofa a fháil roimh ré.
Soláthraítear na bogearraí seo "mar atá" agus
séantar aon baránta sainráite nó intuigthe, baránta
intuigthe inmhairgíochta agus oiriúnacht chun
chuspóir ar leith san áireamh Ní bheidh an t-údar
faoi dhliteanas ar chor ar bith faoi aon díobháil
díreach, indíreach, teagmhasach, speisialta,
eiseamláireach, nó iarmhartach (lena n-áirítear,
ach gan é bheith teorannaithe ag, soláthar táirgí nó
seirbhísí ionaid; cailliúint úsáide, sonraí nó
brabús; nó stopadh gnó) is cuma cad ba chúis leis
agus de réir teoiric dliteanais, i gconradh, i
ndiandliteanais, no i dtort (lena n-áirítear faillí nó
a mhalairt) a éiríonn in aon slí de bharr úsáid na
mbogearraí seo, fiú má chuirtear féidearthacht a
leithéad díobhála in iúl.
User Manual 6002 5350 / Rev. 6
20.6 Trádmharcanna
Is trádmharc cláraithe é Infratec™ de chuid FOSS
Analytical AB. Is trádmharc cláraithe é
Windows® de chuid Microsoft Corporation.
20:3