TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA TÁBHACHTACHA
4
• Suiteáil go daingean an stiall agus clúdach an bhosca rialúcháin. Tá baol ann go
mbeidh tine nó turraing leictreach de bharr deannach, uisce agus araile.
• Bain feidhm as an scoradán nó an fiús ceart. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing
leictreach ann.
• Ná athraigh agus ná sínigh an cábla cumhachta. Is gá cábla nó corda cumhachta nua a
fháil má tá scríobthaí air nó má tá cuid den chraiceann scafa nó má tá sé trochlaithe.
Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
• Déan teagmháil gach uair leis an ndíoltóir nó le Lárionad Seirbhíse Údaraithe chun é a
shuiteáil, é a bhaint nó chun é a athshuiteáil. Tá baol ann go mbeidh tine, turraing
leictreach, pléascadh nó gortú ann.
• Ná suiteáil an táirge ar sheastán suiteála lochtach. Cinntigh nach trochlaíonn an
limistéar suiteála le himeacht aimsire. D'fhéadfadh an táirge titim má throchlaíonn sé.
• Ná riamh suiteáil aonad amuigh faoin aer ar bhun a bhogann nó ar áit ónar d'fhéadfadh
sé titim uaidh. D'fhéadfadh an t aonad amuigh faoin aer a thiteann bheith mar shiocair
le díobháil nó gortú nó fiú bás duine.
• In aonad amuigh faoin aer, soláthraíonn an toilleoir uaschéimneach aibhléis ardvoltais
chuig na comhbhaill leictreacha. Déan cinnte an toilleoir a dhíluchtú go huile is go
hiomlán i ndiaidh deisiúchán a dhéanamh. Is féidir le toillear luchtaithe bheith mar
shiocair le turraing leictreach.
• Fad is atá an t aonad á shuiteáil agat, bain feidhm as an maingín suiteála a
sholáthraítear leis an táirge. Nó d'fhéadfadh an t aonad titim agus duine a ghortú go
dona.
• Is gá na ceangail sreangaithe istigh/amuigh a dhaingniú agus ba chóir don chábla
bheith treoraithe i gceart ionas nach bhfuil aon neart ag tarraingt an chábla ó na nasc
teirminéil. D'fhéadfadh ceangail nach bhfuil déanta i gceart nó atá liobarnach bheith
mar shiocair le giniúint teasa nó le tine.
• Déan ná hábhair phacála a dhiúscairt go sábháilte. Amhail scriúnna, toirní, cadhnraí,
rudaí briste agus araile i ndiaidh suiteála agus ansin réab agus caith uait málaí
plaisteacha. D'fhéadfadh páistí súgradh leo agus d'fhéadfadh siad bheith mar shiocair
le gortú.
• Déan cinnte an cuisneán a bhainfear feidhm as a dhearbháil. Léigh an lipéad ar an
táirge le do thoil. Mura bhfuil an cuisneán ceart ann, d'fhéadfadh sé bac a chur ar
cheart oibriú an aonaid.
• Déanfar an fearas a stóráil i seomra gan foinsí adhainte ag oibriú go leanúnach (mar
shampla : lasracha oscaitlte, fearas gáis ag oibriú nó téitheoir leictreach ar siúl.)
• Ná bain úsáid as modhanna chun an proiséas díshioctha a luathú nó chun glantachán a
dhéanamh, seachas na modhanna molta ag an déantóir.
• Ná toll agus ná dóigh córas coigail an chuisneáin.
• Bí ar d'airedeall go bhféadfaí na cuisneáin a bheith gan bholadh.
• Coimeád aon bhéal aeraithe saor ó chosc.