Descargar Imprimir esta página

Engelbert Strauss DuPont Kevlar Manual Del Usuario página 25

Publicidad

Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 12
IE
Treoracha tábhachtacha don úsáideoir chun
na feidhmeanna sábháilteachta a chomhlíonadh
Leigh go cúramach roimh duit an táirge a úsáid.
Tá an t-earra seo ag teacht le riachtanais na Treorach 89/686/CCE agus le
riachtanais Rialacháin (AE) 2016/425 ón 21/04/2019 ar a dhéanaí.
A) Eolas ginearálta: Cineálacha de chosaintí glúine
Is trealamh cosanta iad pillíní cosaint ghlúine a úsáideann daoine a oibríonn ar a nglúine chun
na glúine a chosaint.
Cosaint ghlúine Cineál 1: Cosaint ghlúine atá neamhspleách ar éadaí eile agus a fheistítear ar an
gcos. Cosaint ghlúine Cineál 2: Cúrphlaisteach nó pillíní eile i bpócaí ar chosa an bhríste nó pillíní
atá feistithe ar an mbríste go buan. Féadann suíomh an chosaint ghlúine den gCineál 2 sa bhríste
nó ar an mbríste a bheith feistithe nó inchoigeartaithe. Cosaint ghlúine Cineál 3: Trealamh nach
bhfuil feistithe ar an gcorp ach atá sa bhall lena mbaineann de réir mar a bhogann an té a chaithe-
ann é. Féadann sé a bheith ann do gach glúin ar leith nó don dá ghlúin. Cosaint ghlúine Cineál 4:
Cosaint ghlúine do ghlúin amháin nó don dá ghlúin ar cuid é d'fheisteas ag a bhfuil feidhmeanna
breise cosúil le creat mar chabhair chun éirí nó suíochán a éascaíonn staidiúir ar leathghlúin. Is
féidir an chosaint ghlúine a fheistiú ar an gcorp nó a úsáid go neamhspleách ar an gcorp.
Céimeanna feidhmíochta:
X =
Luaitear an chéim feidhmíochta faoin léaráid
X
Tabhair na sonruithe táirge atá feistithe air orthu do d'aire.
Tá trí chéim feidhmíochta ann:
Céim 0: cosaint ghlúine atá oiriúnach do dhromchla urláir réidh agus nach dtugann cosaint i
gcoinne tollta. Céim 1: cosaint ghlúine atá oiriúnach do dhromchla urláir réidh nó aimhréidh agus
a thugann cosaint i gcoinne tollta nirt (100±5) N. Níl na pillíní glúine oiriúnach do dhromchlaí
géara a dteann brú os cionn 100 N orthu i mbaill áirithe agus atá níos airde ná 1 cm (m.sh. mia-
nadóireacht nó coiréil). Céim 2: cosaint ghlúine atá oiriúnach d'úsáid ar urlár réidh nó aimhréidh
faoi chúinsí deacra agus a thugann cosaint i gcoinne tollta ag neart (250±10) N.
Úsáid: Cosantóirí glúine do gach gníomhaíocht ar leathghlúin agus d'oibreacha ar bhoinn éagsúla.
Réimsí úsáide/Saintréithe: Féach tábla ar lch. 1 Feistítear an chosaint ghlúine le bandaí Velcro
os cionn agus faoi bhun na glúine chun go bhfuil réimse na glúine clúdaithe. Ní mór na bandaí a
fheistiú go comhthreomhar seachas trasna ar a chéile. Caithfidh an dúntóir Velcro a bheith ar
an taobh amuigh. Is féidir an cosaint ghlúine seo a chaitheamh anuas ar ghnáthéadaí oibre nó go
díreach ar an gcraiceann. Níl na pillíní glúine frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán ná i gcoinne
teasa ná i gcoinne tine. Ag brath ar an obair a dhéanann an úsáideoir ní mór trealamh cosanta
pearsanta breise a úsáid de réir an taisc atá le déanamh (m. sh. spéaclaí cosanta, clogaid...). Ní
mór cumas cosanta a sheiceáil i ngach cás ar leith nó a shoiléiriú leis an déantúsóir. Ba chóir
gach réimse úsáide nach bhfuil sainithe a phlé leis an déantúsóir. Ní ghlacann an déantúsóir
le freagracht ar bith as damáiste a tharlaíonn mar thoradh ar úsáid mhíchuí, m. sh. lúbadh nó
casadh iomarcach.
48
Treoracha rabhaidh:
– Níl na pillíní glúine oiriúnach mar dhaingniú i limistéir ina bhfuil baol titim,
mar shampla.
– D'fhonn ais-sruth fola sna féitheacha a chosc agus imshruthú fola cuí a chinntiú ba chóir don
te a chaitheann iad staidiúir an choirp a athrú go minic nó éirí ina s(h)easamh.
– Bíodh do chorp ingearach agus tú ar do ghlúine. Ná suigh ar do shála.
– Téigh chuig an dochtúir má atann do ghlúine nó do cholpaí agus tú ag obair ar do ghlúine
– Má athraíonn na cúinsí timpeallachta ar nós an teochta,
d'fhéadfadh laghdú teacht ar fheidhmíocht an chosaint ghlúine
– Ní féidir le cosaint ghlúine ar bith cosaint iomlán ar ghortuithe a thabhairt
– Toise uilechoiteann do dhaoine fásta idir 50kg - 100kg. I gcás meáchain os cionn 100 kg
– I gcás teochta os cionn 50° d'fheadfadh laghdú teacht ar fheidhmíocht an chosaint ghlúine.
– Níl na cosantóiríglúine seo oiriúnach d'obair ar chlocha nóar rudaígéara,
m. sh. i mianaigh nói gcairéil
Is é seo an comhartha aitheantais:
– Dáta éagtha
MM/JJJJ
– Is ionann uimhir bhaisce agus Lot
– Is ionann toise uilíoch agus Unisize Oiriúnach do gach toise.
– Is ionann cineál cosaint ghlúine agus type
– Is ionann céim feidhmíochta agus Level
– Cosantóir glúine don nglúin dheis: an taobh seo ar bharr ar dheis
– Cosantóir glúine don nglúin chlé: an taobh seo ar bharr ar chlé
Neamhdhíobhálacht: Ní scaoileann na hábhair aon substaintí tocsaineacha, carcanaigineach,
ailléirgineacha ná haon ábhair atá tocsaineach i dtaobh síolraithe. Dá bhrí sin tá siad neamhd-
híobhálach.
Treoir cothabhála:
Is féidir na cosantóirí glúine a ghlanadh ag 30°C ar a mhéid ach is tú féin atá freagrach. Dúntar
fáiscíní Velcro roimh níochán.
Seasmhacht in aghaidh uisce: Tá an pillín cosaint ghlúine seasmhach in aghaidh uisce. Níl aon
scrúdú uiscedhíonachta déanta áfach.
Scrúdú an chosaint ghlúine: Féadann salú mór, athruithe nó úsáid mhícheart feidhmíocht an cho-
saint ghlúine a laghdú ar shlí a d'fhéadfadh a bheith dainséarach. Ba chóir a chinntiú go ndúntar
an banda Velcro go beacht. Ní féidir cosantóirí glúine a dheisiú. Ní thugann cosantóirí a ndearnadh
damáiste dóibh ar an mbarr, ar na bandaí, na séamaí nó ar na dúntóirí aon chosaint.
Stóráil agus Iompar: Ní mór na pillíní glúine a stóráil agus a iompar i mball tirim, fionnuar agus
amach ó sholas na gréine.
Tréimhse éagtha: Ar na pillíní glúine tá dáta éagtha a chuireann mí agus bliain (MM/BBBB) agus
uimhir bhaisce in iúl. Níl gnáth-chaitheamh agus cuimilt clúdaithe ag an dáta éagtha.
Diúscairt: Is féidir pillíní glúine lochtacha a dhiúscairt leis an dramhaíl iarmharthach.
Na comhbhaill phríomha: Vinilaicéatáit eitiléine, clóraipréin, DuPont™ Kevlar®, polaimíd.
Tá an Dearbhú Comhréireachta ar fáil faoin nasc seo a leanas:
www.engelbert-strauss.com/declaration-of-conformity
IE
49

Publicidad

loading

Este manual también es adecuado para:

83.71.5608371561