Ie Treoir Úsáide - Engelbert Strauss 75.76.501 Instrucciones De Uso

Casco de protección laboral
Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • ES

Idiomas disponibles

  • ESPAÑOL, página 17
IE
Treoir úsáide do chlogaid chosanta oibre
Comhghairdeas! Tá rogha maith déanta agat agus an clogad cosanta oibre seo ceannaithe agat.
Comhlíonann an clogad seo riachtanais an DIN EN 397 agus is táirge ardchaighdeáin ón déan-
túsóir engelbert strauss é. Is cuid den trealamh cosanta pearsanta iad clogaid agus cabhraíonn
siad chun gortú cinn a chosc nó a laghdú go mór, ar a laghad. Ní fhaightear an t-éifeacht cosanta
ach amháin má oireann an clogad i gceart don gceann agus má chuirtear an banda cinn in oiriúint
d'imlíne an chinn. Léigh an treoir úsáide go cúramach cúramach agus tabhair aird aird do gach
gné atá tábhachtach do do shábháilteacht.
„Chun cosaint shábháilte a ráthú caithfidh méid an chlogaid seo a bheith oiriúnach nó caithfear an
clogad a oiriúnú do mhéid ceann an úsáideora.
Ionsóidh an clogad fuinneamh tuairginte trí chochall an chlogaid agus an feistiú ar an taobh istigh de
a scrios i bpáirt nó trí damáiste a dhéanamh dó. Ba chóir gach clogad a bhí nochtaithe do thuairgint
mhór a mhalartú, fiú amháin mura féidir an damáiste a fheiceáil go soiléir.
Lena chois sin dírítear aird na n-úsáideoirí ar an mbaol a ghabhann le comhpháirteanna bunaidh
an chlogaid a athrú nó a bhaint de d'ainneoin moltaí an déantúsóra. Ná cuirtear clogaid in oiriúint
chun trealamh breise a chur orthu choíche in aon tslí ar bith. Ní cead dath, tuaslagóir, greamai-
theoirí nó lipéidí féinghreamaitheacha a chur nó a ghreamú air ach amháin de réir treoracha
déantúsóir an chlogaid."
A: OIRIÚNÚ AN CHLOGAID
1. Toise cheart an chlogaid a roghnú
Ní thugann clogad cosaint duit ach amháin má oireann sé i gceart duit. Tomhais imlíne do chinn.
Cuir an clogad ort ar shlí go mbíonn an coigeartú toise ar chúl do chinn. Ní mór go mbraitheann
tú compórdach agus sábháilte agus an clogad ort. Chun oiriúnú an chlogaid a fheabhsú tuilleadh
bain úsáid as an gcóras coigeartaithe toise atá feistithe sa chlogad.
2. An córas coigeartaithe toise a oiriúnú
Tá gá le hoiriúint mhaith chun tú a chosaint chomh maith agus is féidir. Déantar an fáinne cinn
a oiriúnú do do cheann leis an gcas-ghlasáil. Cas ar chlé é chun an fáinne cinn a oscailt nó a
scaoileadh. Má chastar ar dheis é ar deiseal, teanntaítear an fáinne cinn gan céimeanna (Léaráid
1). Lena chois sin is féidir airde an taca muiníl (Léaráid 2) a choigeartú agus is féidir suíomh an
bhanda cinn (Léaráid 3) a oiriúnú.
3. Athrú ar an airde caithimh
Is féidir airde caithimh an fheistithe ar an taobh istigh a athrú. Chun é seo a dhéanamh bain
pionnaí an líon caithimh agus cuir isteach iad ag an airde a oireann duit. Tá an airde caithimh i
suíomh leath-ard ag am a sheachadta.
4. Suíomh ceart an chlogaid
Cuir an clogad ort go cothrománach i gcónaí chun go dtugann sé cosaint do aghaidh gan cur
isteach ar radharc do shúl. Ní cóir an clogad a chaitheamh agus é bogtha siar ar do cheann
(Léaráid 4).
B: TREOIR COTHABHÁLA
Glan do chlogad le huisce, gallúnach mín agus ceirt bhog. Ba chóir an feistiú istigh agus an líon
caithimh a mhalartú de réir mar a bhíonn gá. Ná húsáid tuaslagóirí. Ní mór an clogadh a ghlanadh
a ghlanadh, a chothabháil agus caitheamh leis de réir mar is cuí chun a chinntiú go bhfeidhmíonn
sé i gceart.
C: ATHRUITHE AR AN gCLOGAD
Rinneadh tástáil ar an gclogad seo sa déantús sraithe agus scaoileadh é de réir an chaighdeáin
chuí. Ní cead é a athrú ná comhbhaill chomhthíocha a chur air. Cuirtear isteach ar a fheidhm
cosanta agus cuirtear an ceadú ar ceal mar thoradh ar fheistiú mícheart nó comhthíoch a chur
isteach agus má dhruileáiltear poill chun trealamh a chur leis nó má dhéantar aon athruithe eile
air. Ná húsáidtear ach na páirteanna spártha agus na hoiriúintí siúd a oireann don chlogad. Mura
bhfuil tú cinnte cuir ceist orainn.
50
D: PÁIRTEANNA SPÁRTHA AGUS OIRIÚINTÍ
Ná húsáid ach páirteanna spártha agus oiriúintí bunaidh.
E: COSAINT CLUASA
Ná húsáid ach cosantóirí cluaise atá scrúdaithe agus ceadaithe de réir an dearadh tógála le
haghaidh úsáid le do chlogad. Tá eolas ina thaobh seo mar aon le treoir úsáide agus láimhsithe
chomh maith le míniú maidir le saintréithe na gcosaintí cluasa capsúil ar fáil sa treoir úsáide a
ghabhann leis.
F: TRÉIMHSE ÚSÁIDE
Ní ráthaítear feidhm cosanta clogaid ina hiomláine a thuilleadh tar éis dó a bheith nochta le buille
nó tuairgint láidir. Ní féidir do chlogad a bhfuil a leithéid de dhamáiste déanta air do cheann a
chosaint ar ghortuithe go héifeachtúil. Fiú amháin mura bhfuil aon damáiste le feiceáil ar an taobh
amuigh ní mór an clogad a mhalartú. Tá an scéal mar an gcéanna mura n-oireann an clogad i gce-
art a thuilleadh. Ba chóir an clogad a mhalartú tar éis é a úsáid ar feadh roinnt bliana fiú amháin
mura bhfuil aon damáiste le feiceáil air. SCRÚDAIGH DO CHLOGAD GO RIALTA CHUN LOCHTANNA
INFHEICTHE A AIMSIÚ!
G: STÓRÁIL
Lig do do chlogad tirimiú san aer tar éis úsáide agus stóráil in áit fionnuar tirim é. D'fhéadfadh
teocht ard (nochtadh don ngréin, taobh thiar de ghloine i mála dorcha agus sa bhúit i measc ái-
teanna eile) damáiste tromchúiseach a dhéanamh dó. Is comhartha dámáiste teasa iad dromchla
aimhréidh nó súilíní. Féadann an damáiste seo teacht air de thoradh ar theocht chomh híseal le
65 °C.
Míniú na ngiorruithe agus na n-éileamh breise
Teocht an-íseal (de réir EN 397)
Teocht an-ard (de réir EN 397)
Insliú leictreachais (de réir EN 397)
Dífhoirmiú taobhach (de réir EN 397)
Steallta miotail (de réir EN 397)
An t-ionad coimisiúnaithe ar tugadh fógra dó 0299
DGUV-Test, Prüf- und Zertifizierungsstelle,
Fachausschuss Persönliche Schutzausrüstungen (PSA)
Zwengenberger Strasse 68, 42781 Haan, Germany
Tel. 02129 576-431
Fax 02129 576-400
Déantúsóir
S.C. Casco Group s.c.s.
Parc Industrial Sud F.N., RO-440247 Satu Mare
www.Casco-helme.de
Stádas 04/2014
Coinnítear an ceart athruithe teicniúla a dhéanamh. Ní ghlactar freagracht as earráidí ná botúin chló.
IE
Comhartha aitheantais
-20 °C nó -30 °C, de réir mar is cuí
-150 °C
440 V AC
LD
MM
51

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido