Treoracha tábhachtacha don úsáideoir chun na feidhmeanna sábháilteachta a chomhlíonadh.
Comhlíonann an t-éadach cosanta na riachtanais bhunúsacha um Chosaint na Sláinte agus um Shábháilteacht
de réir na treorach 89/686/CCE, Iarscríbhinn II agus an EN 13688:2013 Éadaí cosanta.
Eolas ginearálta: Ní mór aird a thabhairt gan teip ar threoracha an bhróisiúr eolais maidir le húsáid an éadaigh chosanta seo.
Aitheantas CE: An comhartha seachtrach go bhfuil táirge ag teacht leis na riachtanais
an Aontais Eorpaigh nach mór don déantúsóir a chomhlíonadh.
Tá an dearbhú comhréireachta ar fáil ag an nasc seo a leanas: www.engelbert-strauss.com/declaration-of-conformity
Míniú na Siombailí: Cuireann an dáta déanta dáta táirgthe an earra in iúl mar léaráid agus i scríbhinn ar an lipéad PO ar an taobh istigh
den earra
Léiríonn siombail na monarchan an táirgeadh agus cuireann na huimhreacha
an mhí agus an bhliain in iúl inar táirgeadh an t-earra.
MM/BBBB
Cosaint ghlúine d'oibreacha ar na ghlúine. Cineál 2, Céim fheidhmíochta 1 de réir EN 14404:2004+A1:2010.
Eolas ginearálta: Cineálacha de chosaintí glúine
Is trealamh cosanta iad pillíní cosaint ghlúine a úsáideann daoine a oibríonn ar a nglúine chun na glúine a chosaint. Cosaint ghlúine
Cineál 1: Cosaint ghlúine atá neamhspleách ar éadaí eile agus a fheistítear ar an gcos. Cosaint ghlúine Cineál 2: Cúrphlaisteach nó
pillíní eile i bpócaí ar chosa an bhríste nó pillíní atá feistithe ar an mbríste go buan. Féadann suíomh an chosaint ghlúine den gCineál 2 sa
bhríste nó ar an mbríste a bheith feistithe nó inchoigeartaithe. Cosaint ghlúine Cineál 3: Trealamh nach bhfuil feistithe ar an gcorp ach
atá sa bhall lena mbaineann de réir mar a bhogann an té a chaitheann é. Féadann sé a bheith ann do gach glúin ar leith nó don dá ghlúin.
Cosaint ghlúine Cineál 4: Cosaint ghlúine do ghlúin amháin nó don dá ghlúin ar cuid é d'fheisteas ag a bhfuil feidhmeanna breise cosúil
le creat mar chabhair chun éirí nó suíochán a éascaíonn staidiúir ar leathghlúin. Is féidir an chosaint ghlúine a fheistiú ar an gcorp nó a
úsáid go neamhspleách ar an gcorp.
Céimeanna feidhmíochta: Is ar an gcumasc de bhríste + pillín glúine a braitheann sé cén céim fheidhmíochta atá i gceist.
X = Luaitear an chéim feidhmíochta faoin léaráid
(cúl an phillín)
X
Tá trí chéim feidhmíochta ann: Céim 0: cosaint ghlúine atá oiriúnach do dhromchla urláir réidh agus nach dtugann cosaint i gcoinne tollta.
Céim 1: cosaint ghlúine atá oiriúnach do dhromchla urláir réidh nó aimhréidh agus a thugann cosaint i gcoinne tollta nirt (100±5) N. Níl na
pillíní glúine oiriúnach do dhromchlaí géara a dteann brú os cionn 100 N orthu i mbaill áirithe agus atá níos airde ná 1 cm (m.sh.
mianadóireacht nó coiréil). Céim 2: cosaint ghlúine atá oiriúnach d'úsáid ar urlár réidh nó aimhréidh faoi chúinsí deacra agus a thugann
cosaint i gcoinne tollta ag neart (250±10) N.
Úsáid: Ní ráthaítear an chosaint de réir EN 14404:2004+A1:2010 ach amháin má chaitear iad i gceangal leis na hearraí luaite. Má chaitear
i gceangal le táirge eile nó le hearra iomaíochais iad ní ráthaítear an chosaint a éilítear de réir EN 14404:2004+A1:2010. Ní mór na pillíní
glúine a chur i bpócaí glúine oiriúnacha agus iad a fheistiú ar shlí go gcuirtear brú an úsáideora go príomha ar chuid lárnach an phillín.
Ar an gcuma seo cinntítear go bhfuil an brú scaipthe mar ba chóir. Bíonn an taobh múnlaithe nó an taobh eangaithe den bpillín glúine
amuigh i gcónaí agus tá an taobh istigh comharthaithe. Do gach gníomhaíocht agus obair a dhéantar ar leathghlúin ar dhromchlaí éagsúla,
ar choinníoll go bhfuil pócaí glúine oiriúnacha ar an gculaith oibre agus ar choinníoll go n-úsáidtear iad dá bhfuil siad beartaithe. Níl na
pillíní glúine frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán ná i gcoinne teasa ná i gcoinne tine. Ag brath ar an obair a dhéanann an úsáideoir ní mór
trealamh cosanta pearsanta breise a úsáid de réir an taisc atá le déanamh (m. sh. spéaclaí cosanta, clogaid...). Ní mór cumas cosanta a
sheiceáil i ngach cás ar leith nó a shoiléiriú leis an déantúsóir. Ba chóir gach réimse úsáide nach bhfuil sainithe a phlé leis an déantúsóir.
Ní ghlacann an déantúsóir le freagracht ar bith as damáiste a tharlaíonn mar thoradh ar úsáid mhíchuí, m. sh. lúbadh nó casadh iomarcach.
Tuilleadh treoracha maidir leis an bpillín glúine: Treoracha rabhaidh:
– Níl na pillíní glúine oiriúnach mar dhaingniú i limistéir ina bhfuil baol titim, mar shampla.
– D'fhonn ais-sruth fola i bhféitheacha na gcos a chosc agus imshruthú fola cuí a chinntiú ba chóir don te a chaitheann
iad le linn a bheith ar a ghlúine staidiúir an choirp a athrú go minic nó éirí ina s(h)easamh.
– Bíodh do chorp ingearach agus tú ar do ghlúine. Ná suigh ar do shála.
– Téigh chuig an dochtúir má atann do ghlúine nó do cholpaí agus tú ag obair ar do ghlúine
– Má athraíonn na cúinsí timpeallachta ar nós an teochta,
IE
– 52 –
d'fhéadfadh laghdú teacht ar fheidhmíocht an chosaint ghlúine
– Ní féidir le cosaint ghlúine ar bith cosaint iomlán ar ghortuithe a thabhairt
– Féadann salú mór, athruithe nó úsáid mhícheart feidhmíocht an chosaint ghlúine a laghdú ar shlí a d'fhéadfadh a bheith dainséarach.
– Toise uilechoiteann do dhaoine fásta idir 50kg - 100kg. I gcás meáchain os cionn 100 kg
– I gcás teochta os cionn 50 °C d'fheadfadh laghdú teacht ar fheidhmíocht an chosaint ghlúine.
Is é seo an comhartha aitheantais:
– Dáta éagtha
(MM/BBBB)
– Chun an treo suas a chur in iúl úsáidtear saighead suas agus an focal up.
– Chun ar chlé/ar dheis a chur in iúl úsáidtear Left/right.
– Chun an taobh istigh a chur in iúl úsáidtear Inside
– Is ionann uimhir bhaisce agus Lot
– Is ionann toise uilíoch agus Unisize
– Is ionann cineál cosaint ghlúine agus Typ
– Is ionann céim feidhmíochta agus Level
Neamhdhíobhálacht: Ní scaoileann na hábhair aon substaintí tocsaineacha, carcanaigineach, ailléirgineacha ná haon ábhair atá tocsai-
neach i dtaobh síolraithe. Dá bhrí sin tá siad neamhdhíobhálach.
Treoir cothabhála: Níor chóir an pillín glúine a ghlanadh ach le fíoruisce amháin. Níl comhábhair níocháin ná teochtaí arda nite ná triomai-
the ceadaithe. Ní mór pillíní glúine a bhaint as an mbriste nuair a ghlantar, nitear, triomaítear nó nuair a iarnáiltear an briste agus iad a chur
isteach sa phóca glúine cuí ina dhiaidh sin. Ná nitear san inneall níocháin iad.
Seasmhacht in aghaidh uisce: Tá an pillín cosaint ghlúine seasmhach in aghaidh uisce. Níl aon scrúdú uiscedhíonachta déanta áfach.
Scrúdú an chosaint ghlúine: Má tá comharthaí caithimh cosúil le gearrthacha nó bearnaí le feiceáil ar an mbarr ní mór ceann nua a chur
ina ionad mar ní féidir an chosaint riachtanach a chinntiú a thuilleadh. Ní cead pillíní glúine a dheisiú.
Stóráil agus Iompar: Ní mór na pillíní glúine a stóráil agus a iompar i mball tirim, fionnuar agus amach ó sholas na gréine.
Tréimhse éagtha: Ar na pillíní glúine tá dáta éagtha a chuireann mí agus bliain (MM/BBBB) agus uimhir bhaisce in iúl. Níl gnáth-chaitheamh
agus cuimilt clúdaithe ag an dáta éagtha.
Diúscairt: Is féidir pillíní glúine lochtacha a dhiúscairt leis an dramhaíl iarmharthach.
Na comhbhaill phríomha: As poileitiléin go príomha atá an pillín glúine déanta.
Eolas ginearálta maidir le Trealamh Cosanta Pearsanta: Treoir chothabhála & aosú: Ní mór an Trealamh Cosanta Pearsanta a chothab-
háil go cuí agus go rialta. Tá comhdhéanamh na teicstíle ar an lipéad cothabhála atá fuaite isteach san earra. Ní mór cloí leis na treoracha
ar an lipéad chun an fheidhm chosanta a chaomhnú chomh maith agus is féidir. Triomaigh an t-earra faoi scáth agus coinnigh i mball dorcha
tirim é. D'fhéadfadh go laghdófaí saolré na n-éadaí go mór de dheasca caithimh nó damáiste a tharlaíonn le linn úsáide. Lena chois sin
d'fhéadfadh salú trí shalachar, fliche, allas nó tréigean trí sholas gréine saolré an Trealaimh Chosanta Phearsanta a laghdú.
Fachtóirí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúiseanna le haosú, i measc rudaí eile:
– Glanadh, próisis chothabhála nó díghalrúcháin
– Éifeacht teochtaí arda nó ísle nó athrú teochta
– Éifeacht ceimiceán, taise san áireamht
– Tionchar meicniúil (caitheamh mar thoradh ar scríobadh, lúbadh, brú agus tarraingt)
– Éilliú m. sh. trí shalachar, ola, spréacha de mhiotal leáite s.r.l.
– Caitheamh
Scrúdaigh tar éis gach babhta níocháin agus triomaithe cé acu an bhfuil nó nach bhfuil scoilteacha beaga ar an teicstíl nó an bhfuil na
bandaí leaisteacha ag éirí sobhriste. Is comharthaí iad an dá cheann seo nach féidir feidhmíocht cosanta na teicstíle a ráthú a thuilleadh. Ná
déanadh ach gnólachtaí inniúla amháin deisiúcháin.
Teorainneacha úsáide & anailís riosca:
– Meabhraítear duit go gcaithfear na héadaí cosanta a dhúnadh chun feidhm iomchuí a bhaint astu.
– Roghnaigh éadaí cosanta nach bhfuil ró-chúng mar d'fhéadfaidís cur isteach ar do shaoirse gluaiseachta.
Coigeartaigh na héadaí ag an mbanda coime, ag na muinchillí agus na brístí chun go n-oirfidh siad duit. Cinntigh go bhfuil toirt
na n-éadaí oiriúnach (Leithead + Fad). Cuireann éadaí atá ró-chúng nó ró-scaoilte isteach ar an bhfeidhm chosanta.
– Níl athruithe féindéanta ceadaithe ar mhaithe le sábháilteacht.
– De bhreis air seo tá baol ann go ndéanfaí damáiste nach féidir a leigheas má sháraíonn éifeacht an dainséir na luachanna
scrúdaithe nó an tréimhse scrúdaithe agus má tharlaíonn siad le chéile.
– 53 –